Bhí Iarla ina chónaí ar an gCarn Bhuí fadó. Bhí a thuismitheoirí saibhir. Ní raibh aon duine sa chlann ach é féin. Fuair a thuisimitheoirí bás. Fuair an t-Iarla an saibhreas go léir.
Bhí an t-Iarla cneasta agus macánta ach bhí sé an uaigneach. Bhí sé ag lorg mná chun an t-uaigneas a dhíbirt. Ní raibh a lán cairde aige mar níor mheasc sé leis na daoine óga san áit. Ar aon nós, na cailíní a chonaic sé mórthimpeall níor mhaith leis iad.
Bhí uaimh in aice leis an gcaisleán. Bhí tobar in aice leis an uaimh. Bhí scéalta ag na seandaoine go raibh cailín ina cónaí san uaimh. Thagadh sí go dtí an tobar gach maidin agus gach tráthnóna ag lorg uisce.

Níor chreid an t-Iarla na scéalta seo. Tráthnóna amháin bhí sé ag teacht abhaile an-déanach leis na ba. Chonaic sé an cailín in aice leis an tobar. Bhí sí dathúil, álainn agus gleoite. Ní fhaca sé cailín chomh dathúil riamh ina shaol.
Rith sé ina diaidh. Rug sé greim uirthi. Chuir sé ceist uirthi cad ab ainm di agus cá raibh sí ina cónaí? Dúirt sí gur ‘Banríon an Uaignis’ ab ainm di agus go raibh sí ina cónaí sa Charn Bhuí.
Chuir an t-Iarla ceist uirthi an bpósfadh sí é? Thug sí freagra air nach raibh cead ag Banríon an Uaignis pósadh. Dúirt sí nach mbeadh cead ag an bhfear a phósfadh í, fear, bean nó cara a thabhairt ar cuairt go dtí an caisleán. Thuig sí go raibh sé seo an-ait. Gheall an t-Iarla nach dtabharfadh sé aon duine ar cuairt go dtí caisleán. Phós an bheirt acu.
Chaith siad na blianta le chéile. Bhí siad sona sásta. Níor thug an t-Iarla cuireadh d’éinne go dtí an caisleán. Bhí mac acu cosúil leis an athair agus bhí iníon acu cosúil leis an máthair. Bhí an mac agus an iníon dathúil.
Tar éis roinnt blianta bhí an saol ag éirí leadránach. Bhí sé ag éiri tuirseach den saol. Chuala an t-Iarla go raibh rásaí ar siúl ar an Trá Bhán.

D’iáis sé an scéal dá bhean. Dúirt sé gur mhaith leis dul. Thug a bhean cead dó. Gheall sé nach dtabharfadh sé éinne abhaile. Bhuaigh capall an Iarla an chéad áit sa ras gach lá.
Bhí an t-Iarla an-bhródúil. Bhí sé ag caint leis na fir eile ag na rásaí. Dúirt fear amháin go mbeadh bród ar a bhean nuair a rachadh sé abhaile. Dúirt fear eile go raibh amhras air go raibh bean aige. Bhí fearg ar an Iarla. Dúirt sé go raibh bean álainn aige. Thug sé cuireadh dóibh teacht abhaile leis go dtí an caisleán. Rinne sé dearmad ar an ngeallúit a thug sé dá bhean.
Thug an t-Iarla a bhean agus a chuid páistí amach ar bhruach na h-abhann. Thosaigh sé ag míniú an scéil dóibh. Léim an bhean agus na páistí isteach sa tobar gan choinne. D’éirigh an t-uisce sa tobar. Tá loch ansin anois. Loch an Chairn Bhuí. Nuair a thagann lá gréine feiceann tú scáil an chaisleáin san uisce. Bíonn trí eala ag snámh ar an loch.

Chaith an t-Iarla an chuid eile dá shaol ina aonar. Bhí brón uafásach air. Bhí a chroí briste. Bhí a shaol millte.
Leave a Reply