Trá Shruthán na nEascann in aice le Tráigheanna an Dúin Mhóir (Strand End Beach adjacent to the Strands of  Dunmore)

 

Ó ‘gus éalóchaidh mé i mbárach go Mullach Dubh Gállda dom’ chómhair,
‘Gus is tuirseach gan áidhbhéil a ghním na tráigheanna romhama threabhadh;
Acht ó’s nídh é bheas déanta ‘s nach bhfuil a áthrach anois rómham,
‘Sé mo chéad beannacht a fhágaim ag tráigheannaibh an Dúin Mhóir.

 

Agus ná saoil nach bhfuil fárus damh i Mullach Dubh Gállda, mar is cóir,
Ná tá óig-fhir na háite sin i ngrádh orm go mór;
‘Siad a roinnfeadh súgh an ghráinnín i dtigh na táibhirne ar an bhórd,
Agus nach n-iarrfadh sin m’ áthrughadh comrádaidhe go deóidh.
Mullach Dubh Gállda (Mullaghduff Scotch)
 Tá mé i n-eolas na dtráigheanna so gach aon áit go dtí ‘n Bhóinn,
Ó Cheann Ghlinne go Fánaid, ‘s go Cúil Inis Eoghain;
Bhí spórt agus fáilte ins an áird sin uilig romham.                                                                                Acht tá pléisiúr na háite uilig i dtráigheannaibh an Dúin Mhóir.
Ceann Fhánaide (Fanad Head)

 

Acht tá mé ‘nois d’á bhfágail go bráth uilig ‘mo dhéidh;                                                                       Tá mé ‘g dul imeasg mo cháirde agus is mór an sásamh sin fhéin;                                                     I n-íochtar Mhullach Dubh Gállda béidh m’fhárus níos mó,                                                                    Acht mo chéad beannacht ‘sé fhágaim ag tráigheannaibh an Dúin Mhóir.

 

le Donnchadh Ó Searcaigh (roimh 1906)


Inis Fraoich taobh thiar do An Dhún Mhór (Innisfree to the west of Dunmore)

 

Inis Shonnaigh agus Oileán Gabhla amach ó Trá An Dhún Mhóir (Inishinny and Gola Islands out from Dunmore Strand)

 

Paróiste Ghaoth Dobhair taobh thoir do Trá an Dúin Mhóir (Gweedore Parish to the east of Dunmore Strand)